School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 363
- XML “Laethanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá a lán pisreogaí ag baint le "Dómhnach Cingcíse." Ní théígeann aon duine ar an loch an lá sin ar mbaoghal a mbáithte. Ní raibh bearradh le fághail ag aon duine ar feadh na cingcíse, ach an oiread. Aon duine a rugadh Dómhnach Cingcíse, bíonn air daoine nó beithidhigh a mharbhú. Ní théigheadh aon duine ag snámh ar an loch an lá sin, ach an oiread.Téigheann na daoine isteach ins na tihthibh nua ar an Aoine ins an áit seo. Ní deintear aon obair nuair a bhíos socraid ag dul thart mar deirtear nach ceart an cré d'iompuig. Coinnightear cuid de na prátaí i leathtaobh go Aoinne Céasta.Lá eile a bhfuil a lán pisreóigí ag baint leis iseadh "La Bealtaine." Ceapann na daoine go ngoidfeadh na sidheógaí an bainne ó na ba muna cuirfeadh siad píosa de'n crainn Bealtaine suas ar na stáblaí go léir. Cuireann siad píosa den crainn suas ins an teac freisin.Tugtar "Trí Laetheanntha na Sean Bhó" ar an céad trí lá de Aibreán. Bí fuacht millteach ann i Mí na Márta agus bhí an sean bhó ag fághail bháis leis an bhfuacht mór. Acht chuaidh an Márta thart agus bhí an sean bhó beó fós.(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Mártín Seóige
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Gowlaun, Co. Galway