School: An Gleann (roll number 12407)

Location:
Farravaun, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 418

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 418

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 418
  3. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dhóigheadh mórán de mar chonnaic na daoine é agus do chuireadar as é. Seo sgéal eile i dtaobh daoine do mharbhuigheadh. Do bhí fear ag tíomáin gluaisteáin oidhche amháín. Bhí abhann ag rith i n-aice an bhóthair. Bhí tríur sa chárr. Fear, bean agus páisde. Bhí an bhean ag rádh leis an bhfear an dorais a choinnéal ar fhosgailt ar eagla go mbeadh timpist ann ach dubhairt an fear nach raibh aon baoghal. Bhíodar ag dul timcheall cóirnéal. Bhí an abhann ar aon aoirde leis an bóthar anois. Bhí an solas ag taithneamh air. Rith an chárr isteach san abhann agus bádadh iad.
    Do bhí bean ann fadó agus bhí seisear inghean agus mac aici. Lá amháin chuaidh sí go dtí an tobar i gcoinnibh uisge. Do bhí bád ag bádhadh amuigh sa loch. Nuair a tháinig sí isteach bhí na h-inghean ag féachaint ar an mbád. Dubhairt an bhean leo, "na bí ag caitheamh an t-am ag féachaint ar an mbád sin ní féídir libh aon rud a dhéanamh dó." Nuair á fuair siad an corp a mac féin a bhí ann. Bhi cárr eile ag teacht abhaile san oidhche. Ní raibh an ghealach 'na suidhe. Do bhí cloch mhór i lár bhóthair. Bhuail an chárr i n-aghaidh cloch.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Úna Ní Luideáin
    Gender
    Female
    Informant
    Bairbre Ní Luideáin
    Gender
    Female
    Age
    72