School: Leitirmucadha (roll number 13951)
- Location:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Ó Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmucadha
- XML Page 002
- XML “Dabhach Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- De réir an t-seanchuis tá dabhach óir i bfolach thíos i ‘gCnoc Dabhach’. Tá an cnoc sin suidhte ó thuaidh de na Doiriadh, Casla, Co. na Gaillimhe. Níl fhios ag aoinne á chuir an dabhach óir i bhfolach nó
Maidin bhreágh Fóghmhair bhí bean as na Doireadh ag seóladhh a cuid beithidheach amach ar an sluabh. Bhí buarthach (ceangal) bó i na láimh aici. Nuair a bhí na beithidhigh seólta amach aici shiudh sí síos ar bhárr an chnuic go leigfeadh sí a sgíth.
Pé suíl fhéachaint a thug sí síos san ngleann ar thaobh an chnuic chonnaic sí an dabhach óir thíos ann. Deirigh a croidhe le áthas a’s le ríméad, chaith sí buartach na bó ar chloich agus rith sí ag iarraidh congnamh leis an dabhach a tabhairt abhaile.
Nuair a tháinig sí fhéin agus an congnamh ar ais bhí buarthach ar gach cloich ar gach chloch dhá raibh ar an gcnoc acht amháin ar an dabhach a bhí i na chloch ghlas fresisin.
Deirtear dhá gcaithfeadh sí an bhuarthach ar an dabhach go gcaithfeadh sí in ór agus go mbeadh a saidhbhrias go deó aici fhéin agus ag a muinntir na diaidh.- Collector
- Colm Cartuir
- Gender
- Male
- Informant
- Mícheál Ó Ráinne
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mucú, Co. Galway