School: Leitirmucadha (roll number 13951)
- Location:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Ó Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmucadha
- XML Page 047
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainmneacha cnocáin
Cnocán ar Iolraigh.
Sin cnoicín beag árd díreach ar nós cruach choirce
atá idir Cinnmhara a's Leitirmucadha. Bhíodh iolracha
ag teacht agus ag neadú ann fadó agus sin é
an fáth gur tugadh cnocán an Iolraigh air.
Cnocán na mbrácaí.
Baisteadh an t-ainm sin air de bharr go mbíodh brácaí ag maoir ann fadó.
An cnocán leathan.
De bharr a leitheadh tugadh an cnocán leathan air.
Is ar an gcnocán sin a bhíos an teine chnámh
ag muinntir an bhaile chuile oidhche Feíle San Seáin.
Cnoicín an phréachain.
Frítheadh nead préacháin ar mhullach an cnoicín fadó
agus tá cnoicín an phréacháin mar ainm air ó shoin.
Cnocán na ngabhar.
Tugadh an t-ainm sin air mar dheamhan gabhar de
chúpla sgór gabhar nach mbíodh ann fadó ag
cangailt aitinn agus eidhean.
Cnocán Mhícheál Réamoinn.
Sin cnocán a bhí ag fear darb ainm Mícheál
Réamoinn fadó agus baisteadh cnocán Mhícheál Réamoinn air.
An garraidhe árd.
Garraidhe mór é sin atá againne agus dheamhan(continues on next page)- Collector
- Colm Cartuir
- Gender
- Male
- Informant
- Seóirse Cartuir
- Gender
- Male