School: Leitirmucadha (roll number 13951)
- Location:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Ó Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmucadha
- XML Page 010
- XML “Páidín Labhráis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Staic d’fear leathan láidir ar a dtugtaí Páidín Labhráis a bhí sa bhfathach seo. B’as Leitir Mealláin é. Ní raibh fear ar bith i ndon cúl a chinn a thabhairt do’n talamh. Bhí sé deanta ar nós na h-aille de chnáimh agus de chroiceann leathar láidir. Bhí sé ocht gclocha déag meádhcháin. Ní raibh fear ar bith ba caoile rostaí lámh ná lorgaí cos ná é agus go deimhin ba bheag é a dhóthain beatha.
Lá amháin bhí Páidín ar an aonach in Órán Mór. Bhí sparán maith airgid aige ag teacht abhaile aige thréis a raibh díolta d’eallach aige. San am sin bhíodh gadaidheachaí i na gcomhnaidhe sa gcoill i ‘ngleann ghuirtín an airgid’ agus ní rabhadar ag leigean duine ar bith thart gan é robáil. Déirigheadar amach roimh Phádhraig an oidhche seo. “Pébrí cé atá annsin seasadh sé nó beidh a anam againn” arsa duine aca. “A mhic na caillighe Ultaigh” arsa Páidín “tiubhraidh Pádhraig Labhráis as Leitir Mealláin troid dhíbh má tá sibh dhá iarraidh”. Ar ndóigh comh luath agus chuala na gadaidheachaí ainm Pádhraig Labhráis bhíodar de léim istigh thar an gclaidhe mar bhí fhios aca go mbeidís i na gcúilín cnámh dhá bfuigheadh an fathach seo faoí na chrúba iad.Lá amháin bhí seisear fear as Leitir Mealláin ag iarraidh sail mhór (píosa ádhmaid a bhí tonna meádhchain) a(continues on next page)- Collector
- Colm Cartuir
- Gender
- Male
- Informant
- Mícheál Ó Ráinne
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Leitir Mucú, Co. Galway