School: Leitirmucadha (roll number 13951)
- Location:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Ó Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Alasdrum mac an Impire, agus Druchí Uaine mac an Rí. Bhíodar i bhfad pósta sul má bhí aon clann aca, ar aon chlog agus ar aon am amháin de’n lá, agus inghean do Rí Lochlainn ar ar tugadh Gil Gréine an t-am céadhna. Chaith an Rí agus an t-impire ar chrainnte cé aca do’n bheirt mhac a mbeadh air í thógáil agus thuit sé ar crann an Rígh. Tugadh smior mart, fheóil chearc, agus bainne bó gamhnaighe mar deoch ‘s mar bheatha dhóibh. Cuireadh triúr banáltraí i na gcionn agus cailleach chearc le bheith ag múnadh asarlaidheacht dhóibh. Cuireadh péire claidmhthe i na gcliabhán le bheith ag fóghluim troda. Nuair a bhíodar lá is 7 mbliadhna deirigheadar amach agus tugadar aghaidh ar an tráigh. Connacadar currach ag teacht chuca, iomradh na gcéadtha uirthe agus gan innte acht aon bhean amháin. Thriomuigh sí suas ar an tráigh í, acht níor labhair sí smid ná smaid leis na gaisgidhig acht amach léi ar snámh arís.“Is baramhail an bheirt fhear muid nar chuir caidéis uirthe” arsa Alasdruim. “Glaoidhimíd uirthe” arsa Drúchí Uaine. Rinneadar amhlaidh agus tháinig sí isteach ar ais arís. “Céard atá uait” ar siad-san. “Cuirim-se faoí mhór gheasaí agus faoí dhiombuidh na bliadhna sibh” ar sise, “gan an dara oidhche chodhladh ar aon leaba, gan an dara blogam ól as aon t-soitheach, gan an dara greim d’ithe daon mhéis go siublaidh sibh an oiread do mo thóruigheacht-sa(continues on next page)
- Collector
- Colm Cartuir
- Gender
- Male
- Informant
- Seóirse Cartuir
- Gender
- Male
- Address
- Cinn Mhara, Co. Galway