School: Inistrághamhóir (roll number 15449)
- Location:
- Inis Treabhair, Co. Galway
- Teachers: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí táilliúr i n-Éirinn fadó agus bhí triúr mac aige. Bhí siad an bhocht agus ní raibh acha acht aon ghabhairín amháin agus sin é bhíodh ag coinneál bainne leo.Bhíodh an chionn ag an táilliúr ar an ngabhairín agus bhíodh sé ag cur a clann ag fosaidheacht leis.Lá amháin chuir an táilliúr an mac ba shine amach leis ag fosaidheacht agus chuir sé isteach I ngarrdha mór féir é agus bhíodh sé ag baint rudaí deasa dhó agus dhá gcaitheamh chuige. Nuair a bhí sé i n-ám a dhul i bhaile d’fiafruigh sé den ghabhairín a raibh a shaith ithte aige agus dúbhairt a gabhairín go raibh. Sgaoil sé abhaile annsin é agus chuir sé isteach I sgioból é. Nuair a bhí an táilliúr ag dul i codladh san oidhche chuaidh sé amach go dtí an gabairín agus d’fiafruigh sé dhó ar ith sé a dhóthain indiú agus dubhairt an gabairín nach ith ná a leath dhóthain. Chuaidh an isteach agus dhíbir sé an mac ba shine. Lá ar na bháireach chuir sé an dara mac ba shine amach leis agus rinne sé an rud céadna a rinne a(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Mhullaoidh
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Inis Treabhair, Co. Galway
- Informant
- Darach Ó Mullaoidh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Inis Treabhair, Co. Galway