School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mar do mhairfheadh na daoine ins an gceanntar seo tamall bliadhanta ó shoin.Bhí sé an-deacair ag na daoine maireachtáil ar an oileán seo fadó sul má rinneadh droichead ná bóthar annseo.
Bhí sé cruaidh go leór ar na daoine a bhíodh ag teacht ag an aifreann, nó ag aontaigh, nó ag an siopa, [g]o mór-mhór iad seo a bhíodh 'na gcomhnuidhe timcheall na n-oileán.
Ní raibh mórán báid le (déanam) fághail an t-am sin, agus bhíodh ar na daoine fanacht go mbíodh sé 'na thrághadh.
Sul má rinneadh an droichead bhí casán cloch déanta ag na daoine ins an áit a bfhuil an droichead anois timcheall ceathramha míle ar fad. [T]ógadh balla annsin chaon taobh de'n droichead agus bhí [a]n áit an t-sábháilte annsin.
[T]á ráillí iarainn gach taobh de'n droichead ar [f]haitchios go dtuitfheadh aon rud isteach ann.
Bhíod beagán curadóireachta déanta ag gach duine dhó [f]héin agus dhíolfhaidís an fuighleach.
Bhíodh an mhóin níos fairsinge an t-am sin ná mar atá anois agus ar an ádhbhar sin bhí níos mó le díol aca ná mar atá anois.
[I]s féidir an casán a fheiceál faoi'n droichead fós a mbíodh na daoine ag dul treasna air fadó.(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Confhaola
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Máighreád Nic Dhonnchadha
- Gender
- Female