School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 269
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-sgéal.Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí triúir mac aice. Dúbhairt an mac dob oige lá go raibh sé in ám aige fhéin imtheacht ag saothrú a bheatha. D'imthigh leis lá ar na bháireach agus bhí sé ag siúbhal go raibh an oidhche ag teacht agus an lá ag imtheacht, go bhfaca sé solus í bhfad uaid agus ní i ngar dhó agus rinne sé air.
Ní raibh ins an teach ach sean-bean agus fuair sé loístín na hoidhche ann.
Nuair a bhí an suipéar itthe aca d'iarr an sean-bhean ag cor-chorruigheacht é.
Dúbhairt seisean nach rachfhadh, act tharraingh sí amach é, agus rug an bheirt ar a chéile.
Bhí seisean ag fágail an cheánn a bfheárr uirthi nó gur bhuail sí buille d'en tslat draochta air agus rinne cloch aoil dhe agus chaith amach san bpáirc é.
Nuair nach raibh aon sgéala ag teacht ó'n gcéad mhac, dúbhairt an dara mac go gcaithfheadh sé fhéin a dhul ar lorg a bheatha
Mar sin d'imthigh leis go moch ar maidin agus bhí sé ag siúbhal go máll tráthnóna gan teach nó duine dhá chastaíl leis.
Bhí an oidhche ag teacht agus an lá ag imteacht, agus san deire chonnaic sé solus beag í(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Confhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seósamh Mac Coisdhealbha
- Gender
- Male
- Address
- Eanach Mheáin, Co. Galway