School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 319
- XML “Rí an Domhnaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Rí an DomhnaighAon uair amháin bhí baintreach ann a raibh triúr mac inghean aice. Nuair a bhí an inghean roinnt sean d'imthigh sí léi. Nuair a bhí sí bliain imthighthe dubhairt an mac ba shine. "Tá bean imthighthe as an teach seo le bliain agus is olc an fear mise muna rachfainn ar a tuairisg". Dubhairt sé le na mháthair cáca a dhéanamh dhó Rinne sí é agus d'fhiafruigh sí dhó cé acab dob fhearr leis an leath-mhór agus a mallacht nó an leath-bheag agus a beannacht. "Muise pé ar bith céard a dhéanfas do bheannacht ní morán maitheasa dhomsa an leath-bheag agus tabhair dhomh an leath-mhór. Thug sí an leath-mhór agus a seacht míle mallacht dhó.
D'imthigh sé leis agus bhí sé ag siúbhal nó go dtáinic sé go dtí droichead. Chonnaic sé solas agus rinne sé air. Chuaidh sé isteach san teach a raibh an solas ann.
D'aithnigh sé (an) gurbh í a dheirbhshiúthar a bhí ann. agus d'aithnigh sise gurbh é a dearbhráthair do bhí ann.
"Muise tá tú a' teacht le do bheó acht béidir nach níomtheóchadh tú le do bheó" adeir sí leis.
Ba ghearr gur tháinic fear isteach a bhí gléasta in éadach geal agus chaith sé gabhail éadaigh bána ar an urlár agus bhí fuil ar chuid acab.
"Leag isteach i dtaisce iad sin" arsa sé le bean an tigh. agus "tabhair biadh agus leaba do'n fhear seo go maidin" Rinne sí amhlaidh.
Ar maidin nuair a déirigh muinntir an tighe, d'ith siad(continues on next page)- Collector
- Siúbhán Ní Ráighne
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Calaidh, Co. Galway
- Informant
- Beartla Ó Confhaola
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Leitir Calaidh, Co. Galway