School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 008
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bliadhain De Samhain seo 'sé déanaim an chreach orainn”
25/2/’38
1. Bliadhain de Samhain seo, ‘sé déanamh an chreach orainn
Ní amháin ar Ghaillimh ach chuile áit sa tír
Nuair sgiub an bás uainn an sean fhear áluinn
Máirtín Mór a bhí ina T.D.2. Nuair a chuaidh an sgéal cráidhte ar fud na háite
Bhí lag is láidir in dólás faoi.
Bhí a charaid caillte aca thóigfeadh lámh leob
As chuile cruadh chás dá dtéighfeadh siad tríd.3. Tráthnóna Dé Domhnaigh ’sé tóigeadh amach é
As an bparlús áluinn a chaith sé a shaoghal.D’fhág sé a dheirbhshiúir bhocht go brónach craidhte
Ní indiu ná amáireach ach chuile lá choidhch’
Bhí íseal is uasal as chuile ceárd ann
Ó fhear an bháinín go dtí an T.D.Ní raibh bóthar treasna ná coirnéal sráide
Ó d’fhagfá an séipéal go dtí tornóg aoil
Mar a raibh mná agus páistí ’gol is ag gárghail
Mar gheall ar Mháirtín bheith ag dul faoi’n gcréNach cráidhte an t-amharc (afarc) – Chomhairfeá an lá úd
A cholann uasal dhá iompar síos
A chuid siopa lastair, a mhuileann ’adhmaid
A siopaí áluinn is a stórtha síl(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máire Ní Congaile
- Gender
- Female
- Address
- An Tuairín Mín, Co. Galway