School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 114
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bean ann fadó agus ní raibh sa teach aici ach í féin agus a mac. Bhí sí ann bhoct agus ní bhíodh tada le díol aice ac líon.”
Bhí bean ann fadó agus ní raibh sa teach aice ach í féin agus a mac. Bhí sí ann bhoct agus ní bhíodh tada le díol aice ac líon.
Theigheadh sí isteach go dtí an baile mór uair sa t-seactmhain agus gac a mbíodh a' teastáil de rudaí uaithe thugadh sí léithe iad.
Aon lá amháin dubhairt an mac go racadh sé in éindigh léithe agus chuaidh Bhí sé ag breathnú ar an bhfear ag tomhais an lín agus de réir mar bhíodh meádhchan sa líon gheobhadh an bhean luach air
Dubhairt an mac leis féin nuair a thiocfadh sé aríst go dtiubharfadh sé líon leis agus go mbeadh meádhchan mór ann.
An chéad t-seactmhain eile nuair a theastuigh uatha a dhul isteach bhí an mháthair go dona agus dubhairt an mac go racadh sé féin ag an mbaile mór leis an líon agus thug sé an líon ar a dhruim leis Nuair abhí sé píosa maith ó theach fhear a' t-siopa casadh tráigh ghainimh air agus chuir sé an gaineamh thríd an líon.
Nuair a mheádh fear a' t-siopa an líon bhí meádhchan mór ann. Dubhairt fear a t-siopa gur bé an líon is truime a mheádh sé le fada agus thug sé go leor airgid don bhuachaill air. D'imthigh an mac abhaile agus thug sé an t-airgead ghá mháthair. Nuair a chuaidh fear a'(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máire Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Béal an Daingin, Co. Galway