School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 139
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí beirt fhear ag siubhal in éindigh fadó. Éireannach agus Sasanach a bhí ionnta agus bhí an bheirt acu ann bhocht amach is amach.”
(continued from previous page)air"
Bhí truagh mór ag an sagart dhó agus thug sé rud le n-ithe dhó agus faoisdean
"Bhfuil snáithe éadaigh ar bith agat a thiubharfá dom" a deir sé "agus bféidir nac n-aithneochaidhe mé nuair a bheadh sé orm" Fuair.
D'imthigh an fear leis annsin agus ríméad air agus ba ghearr gur casadh Sasanach aríst air.
Bhí ann iongantas air mar gheall ar chomh maith agus bhí an t-Éireannach agus é féin ingar do bheadh cáillte leis an ocras agus leis an bhfuact
"Cá bhfuair tú an t-éadach sin ort" a deir sé
"Fuair mé ón sagart abhí sa teach siúd é" adeir an t-Éireannach
"Tiocfaidh mise ar ais go dtí an sagart" adeir an Sasanach "agus bféidir go dtiubharfadh sé greim le n-ithe dhom féin." Chuaidh an Sasanach go dtí ann sagart agus chuaidh sé isteach.
Nuair a chonnaic an sagart é dubhairt sé leis glanadh as a amharc nó go marbhóchadh sé é. Rug sé leis ins na cosa in áirde uaidh
Nuair a tháinic sé suas leis an Éireannach d'fiafruigh an t-éireannach dhó ceárd a fuair sé. "Tá mé buidheach go leor go dtug mé na cosa uaidh." "Nac bhfuil tú a(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Tomás Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Tuairín Mín, Co. Galway