School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 185
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí leó suidhe isteach chuig an mbord agus shuidheadar isteach mar a dubhradh leó. Do leanadar orra ag cómhrádh annsin, an feilméar ag cuir síos ar a raibh le déanamh aige fhéin ag rádh go raibh siad go maith anois le bliadhanta anuas. Bhí beagán airgid aige agus bhí súil aige a mhac do chur chun coláiste. "Tá muid ag guidhe Dé i gcómhnuidhe," arsa an mháthair, "go mbeadh an aimsir go breágh agus go mbeadh muid inann go leór fataí a dhíol ionnus go mbeidh muid inann bealach an mhic a íoc." "Beid sin mar is toil le Dia", adeir ár dTighearna. "Feiceann Dia mar atá muid ag obair," arsa an mháthair. "Déanann Dia an rud ceart igcómhnuidhe," adubhairt ár dTighearna. Nuair a bhí an béilidh ithte aca agus a sgíth leigthe dubhairt ár dTighearna go raibh sé chómh maith dhóibh a bheith ag imtheacht. Do ghlac sé buidheachas leó agus thug sé a bheannacht don mhac freisin. D'imthigh an bheirt leó annsin agus d'éirigh an tráthnona go han bhreágh. Taréis leath-uair a chluig tháinig sgamall mór dubh thart ar an ngréin. Do bhreathnuigh ár dTighearna siar ar fheilm an fheilméara. Do las an spéir le gath teinntríghe gur phléasg an(continues on next page)
- Collector
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Bríghid Bean Mhic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway