School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 234
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)raibh i bhfad suibhalta aca nuair a casadh sgata fear ortha agus iad ag cur síl. Chuaidh sí síos chuca agus chuir sé "Bail ó Dia" ortha agus dubhairt sí dá dtagadh na saighdiúirí thart agus da bh'fhiafruighdís dóibh an bhfacadar bean agus leanbh ag dul thart gan a rádh leó acht go ndeachaidh bean agus leanbh thart nuair a bhíodar ag cur an arbhair. Nuair a chuaidh na saighdiúirí chuig an ngort d'fhiafruigheadar do na fir an bhfacadar bean agus leanbh ag dul thart. Dubhairt na fir go dtáinig bean agus leanbh thart nuair a bhíodar ag cur an arbhair. Acht bhí deargadh daol ann agus dubhairt sé gur indé a cuireadh an tarbhar agus sin é an fáth go bhfuil an ghráin ag na daoine ar an deargadh daol ó shoin.
- 13.
Bhí máthair Íosa ag siubhal lá agus í ag imtheacht ó na saighdiúirí. Ní raibh i bhfad siubhalta aice nuair a chonnaic sí criathrach a raibh giolcaigh fada ag fás ann. Chuaidh sí isteach i bhfolach ann. Ní raibh sí bhfadh istigh ann nuair a tháinig na saighdiúirí thart. Thosuigh na giolcaigh ag craitheadh ionnus go gceapthá gur ag innseacht do na saighdiúirí go raibh duine eicínt 'na measg seadh(continues on next page)