School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)freisin agus marbhuigheann na daoine iad agus baineann siad an croiceann díobh agus cuireann siad go tíortha thar lear iad agus gheibheann siad go leór airgid orra. Bíonn an ola a bhíos i bhfeóil an róin go han mhaith le haghaidh sgoilteacha agus le haghaidh tinnis eile. Níl an rón inann siubhal ar an talamh chor ar bith agus ar an ádhbhar sin bíonn siad ins an bhfairrge i gcómhnuidhe. Bíonn an croiceann a bhíos orra an-tsleamhain agus fáighann na daoine go leór airgid ar an gcloigeann.
3. Each uisge:-
Cómhnuigheann sí sin san uisge freisin agus nuair a thagas sí amach as an uisge ar dtús bíonn sí an-bheag agus déanann sí í féin chómh mór le capall. Deirtear má fheiceann sí thú ar dtús go mbéidh tú cáillte sul má bhéas an bliadhain caithte. Bíonn siad in a gcómhnuidhe ins na locha agus ní fheictear í ach uair san seachtmhadh bliadhain.
4. Liobhán gréine:-
Sé an fáth a dtugtar an tainm sin air mar bíonn a chroiceann ag soillsiú ar nós na gréine. Bíonn siad an-mhór agus báthann siad cuid de na báid. Tá dhá sgiathán mhóra orra agus iad an-dubh. Bíonn siad ag ithe éisg a bhíos san bhfairrge freisin. Bíonn siad ag(continues on next page)- Collector
- Maighréad Nic Donnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Bairbre Bean Mhic Donnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway