School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 270
- XML “Ainmneacha Ainmhithe na Farraige”
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)imtheacht ar mhullach na fairrge nuair a bhíos an aimsir go bréagh.
5. Mada uisge:-
Is ainmhidhe an-mhór é sin agus bíonn an croiceann a bhíos orra an-tsleamhain. Tá sé an-deacair iad a mharbhughadh mar tá draoidheacht aca. Tá cosa an-ghearr fútha agus níl siad inann siubhal go maith ar thalamh tirm. Nuair a marbhuightear iad baintear an croiceann díobh agus díoltar iad agus fáightear go leór airgid air. (no title)
“Seo scéal a chuala mé faoi an Maighdean Mhara.”
1. Seo sgéal a chuala mé faoí an Maighdean mhara. Bhí fear ann fadó agus rug sé ar Mhaighdean mhara. Thug sé leis abhaile í agus bhain sé an cochall draoidheachta dhe agus chuir sé i bhfolach faoí bhun-tsop an tíge é. Nuair a bhí sé ag deasúghadh an tíge thuit an cochall anuas agus fuair an mhaighdean mhara í agus rith sí leis. Lean an fear í le láidhe agus mharbhuigh sé í.- Collector
- Maighréad Nic Donnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
(no title)
“Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag imtheacht timcheall an chladaigh an-deireannach san tráthnóna.”
2. Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag imtheacht timcheall an chladaigh an-deireannach san tráthnóna. Nuair a bhí sé tamall maith ann chuala sé ceól an-áluinn agus ní raibh fhios aige céard é fhéin. Nuair a tháinig sé ingar dhó chonnaic sé gur Maighdean mhara bhí in a suidhe ar charraig agus í ag ceól. Nuair a chuaidh sé abhaile cuaidh sé ag iasgach arís agus báthadh é.