School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 275
- XML “Tráchtas ar Fhilí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar sin é an tainm a thug sé ar an mbochtannas. Rinne sé amhrán bréagh dhó agus bhí sé le h-aghaid an bochtannas a dhíbirt agus le siopa a chur in a áit. Nuair a rinne sé an t-amhrán dubhairt sé acht a dtiocfadh ráidhe an Fhóghmhair nuair a bhéadh chuile shórt saor agus go leór airgid aige go n-dibreóchad sé an bochtannas agus go gceannóchadh sé ubhlaí, builíní, agus líon agus nach mbéadh an bochtannas aige níos mó. Rinne sé go leór amhráin dheasa agus seo cuid aca.
1) Amhrán a' Taé
2) An Gréasaidhe
3) Cúirt an t-Sruthain Bhuide
4) Na Fataí
5) Brighdín
6) An Fear Cam
Bíonn an chuid is mó de na hamhráin sin le cloisteál ins gach teach faoí láthair ag ceól mar bíonn an-mheas ag muinntir na tíre air. Rugadh é i mBaile na Cille agus bhí sé an-bhocht indeireadh a shaoghail. Ní dheárna sé aon amhrán ariamh ag cáineadh muinntir na tíre seo agus bhí sé dá moladh i gcómhnuidhe. Bhí teach deas aige agus é suidhte ináit an-deas inaice na fairrge. Tugadh go Baile Átha Chliath é mar gheall ar chómh maith is a bhí sé in a fhile agus bhí(continues on next page)- Collector
- Maighréad Nic Donnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Pádhraic Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway