School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 202

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 202

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 202
  3. XML “An Bás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    síos sa seomra chug fear a tighe agus bhí sé in a dhúiseacht sa leabaidh. "Cé caoi bhfuil tú indiú" adeir an fear. "An bhealach céadna is bhí mé inde" adeir sé.
    Chuaidh an fear amach an doras. Druid sé an doras agus d'imthigh abhaile. Maidin an lae dár gcionn tháinig sé arais chuig an fear arís. Tháinig sé isteach sa teach aige. Chuaidh sé isteach sa seomra aige agus dubhairt sé na focla céadhna leis is dubhairt an lá roimhe. "Ó tá mé gar ó caillte anois" adeir sé. "Tháinig an bás ar mo thóir aréir" adeir sé "agus go maithidh Dia dhom anois." "Tháinig an bás aréir" adeir sé. "Sheas sé i lár an urláir" agus chuir an fear a cloigeann isteach faoi an éadach le faitchíos.
    Dhearc sé amach ar deireadh agus bhí an fear ann i gcómhnuidhe. Bhí an fear a bhí sa leabaidh ar crith leis an bhfaitchiós. "Mise an bás" adeir an fear a bhí ar an urlár agus "Bí ido thost". Scannruigh sé ar fad annsin. Séard a bhí sa fear seo gaduidhe agus bhí sé ag iarraidh gach rud a bhí sa siopa aige a ghoid. Agus bhí fhios aige go raibh an fear ar a leabaidh.
    Tháinig an fear ceart isteach sa teach chuige agus chuaidh sé síos sa seomra agus adeir sé "Cé chaoi bhfuil tú indiú?" "Nár táinig an bás ar mo thóir aréir" adeir sé leis an bhfear. "Tá mé ar na poinntí deiridh anois" adeir sé. "Acht" ars an fear "cén saghas fir atá amuigh sa ngáirdín agus a bhfuil do sgeana agus do chuir spúnógaí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    Tamhnaigh an Lín, Co. Galway
    Informant
    Tomás Breathnach
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Tamhnaigh an Lín, Co. Galway