School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 244

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 244

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 244
  3. XML “An Gearrán Bán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    san oidhche agus in a ghiorrán sa ló.
    Annsin maidin lae na bhárach d’eirigh agus d’imthigh sé leis an giorrán agus fuair an cailín a breicfeasta. Le linn í a bheith ag ithe tháinig an cailín aníos aríst. “O is docha nach bhfuil de chómhluadar agamsa acht tusa a chaitín” ar sise “agus mara bhfuil féin beidh tú liom”. Thug sí cead dó a sháit d’ithe nó go raibh sé sáthach. Annsin fuair sí an eochair agus d’oscail sí an seomra. Ní fhaca sí ann acht daoiní marbha agus fuil.
    Nuair a bhí sí d’á dhúnadh sgiorr a cois (agus) sa bhfuil agus chuaidh sí go nighfeadh sí é acht chinn sé uirthí. Acht ligh an cat í agus bhí sí chómh glan is bhí ariamh. Annsin tráthnóna tháinig an giorrán bán. Dubhairt sé leí gur ise an bhean a b’fearr d’á bhfuair sé go dtí sin. “Tá mise is mo mháthair fé draoidheacht adeir sé leis an oiread seo bliadhain. Sin í mo mháthair, an cat sin sa gclúid agus chinn sé orm duine a fhághail a bhreathnóchadh ‘na diaidh go dtí anois. Seo iad do bheirt dríshiuir agus leigfidh mé abhaile anois iad.”
    Annsin d’imthigh an draoidheacht dó agus bhí sé in a fear breagh slachtmhar é féin agus a mháthair. Leig sé an bheirt drishiúir abhaile agus choinghbhigh sé an drishiúir eile. An bhród a bhí uirthí ag fanacht agus tháinig grádh agus meas uirthí dhó is bhíodar saidhbhir sáthach uaidh sin amach.
    Sorcha Seoighe (12 ½ blianta)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Seoighe
    Gender
    Female
    Age
    12
    Informant
    Máire Bean Uí Bhriain
    Gender
    Female
    Age
    80