Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 251
- XML “Fear na Stocaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nár athraigh sé aiteacha sa leabaidh leis an mac a bhí in a shlán codhladh. Tharraing an chailleach buille de thuagh agus bhain sí a chloigeann d’á mac. “Bhail is olc é do chuid oibre” adeir fear a tighe.
Bhí go maith. Tharraing sí an corp as an leabaidh un a chuardach agus a chur acht nuair a d’imthigh an chailleach ón seomra d’éaluigh an lad amach an fhuinneóg agus thug do na bonnaibh é. Ara a stór mo chroidhe nuair d’airigh an chailleach an botún a bhí déanta aici d’imthigh sí le bánaidh. Amach sa stábla leí agus thug trí ghadhair lei agus lean siad an buachaill go dian agus go géar.
Bhíodar ag imtheacht leo agus ag imtheacht leo agus ag síor imtheacht trí cnuic agus trí ghleannta trí phortaigh agus trí riasgaí. Nuair a bhí seisean ar an árdán bhí sise ar an ísleán agus nuair a bhí seisean ar an ísleán bhí sise ar an árdán. Fé dheireadh is fé dheoigh d’airigh sé gadhar ag teacht air. “Beir air a Grappler adeir an chailleach agus rug. Istigh i bpoll lában a rug an gadhar ar an lad agus níor fhéad sé imtheacht.
Bhí an cailín ag teacht ní ba gíorra agus ní ba ghiorra agus ní ba giorra na a chéile gach nóméad. Bhí fhios ag an mbuachaill bocht go raibh an phásaoid gléasta féin a chómhair. Acht pé corr a rinne an gadhar nár caith an buachaill thar a gceann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac An Ríogh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Choidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Dúleitir, Co. Mhaigh Eo