Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. Galway
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 603
- XML “Paidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Trí sgóir a bhí Naomh Iosaph nuair a phós sé Muire mhathair
'S dhiúltaigh sé do'n ór buidhe is do choróin a bhí ag Dáibhidh
B'fhearr leis ag déanamh an eolas is ag treorughadh Muire Mháthair
Chuaidh an cúiplín lághach beannuighthe isteach ins an ngáirdín
I measg síiíní cumhartha ubhla 'gus áirnigh
Chuir an Maighdean Beannuighthe dúil ionnta agus ghnothaigh sí leó fa láthair
Bain dom mo sháith aca 'gus tá mé ina geall
Tá oibreacha Rí na nGrásta ag déanamh áruis fá mo bhruinn
Ní bhainfidh mé do sháith dhuit is ní h-áil liom do chlann
'S gearr annsin gur labhair Íosa de cómhrádh bhí fann
'S gur umhluigh an crann anuas i na fiadhnais
Go bhfuair sí mian a croidhe díobh glan díreach de'n crann
Nuair a chonnaic Naomh Iosaph go ndeara sé an peacaidh
Téirigh bhaile dubhairt sé le Máire 'gus luigh ar do leabaidh
Go dtéighidh mé go Ierúsalem tóraidheacht maitheannach i mo pheacaidh
Ní rachadh mé bhaile dubhairt Máire 'gus ní luighfead ar mo leabaidh
Tá maiteannac le fághail agat ó'n Maighdean Glórmhar 'gus ó 'n-a leanbh
Trí mí eile ó'n oidhche sin sead rugadh an leanbh beannuighthe.
I stábla fuar follamh i measg bullán agus asal.
Tháinig righthe 'gus maortha ar cuairt chuig an leanbh
Tháinig aingle as na Flaithis is coinle lasta n-a ndeasláin
"Sé do bheatha Mhuire Beannuighthe" dubair Ríogh geal na nGrást- Bailitheoir
- Cáit Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway