School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 001
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear óg láidir a bhí ag obair d'fheilméar nach raibh dúil aige páighe maith a thabhairt do dhuine ar bith a bheadh ag obair dhó. Trath Fóghmhair a bhí ann agus tharla go raibh sé ag baint arbhair d'on fheilmear le corrán. Sa trathnóna shocruigh siad ar an pháighe laé agus b'é seo an socrú a rinne siad. Thiubhradh an feilméar an méid días arbhair do'n oibhridhe a m-beadh cóimhairimhthe aige faoí cheann deich nóiméad.
Thosaigh an scológ ag cómhaireamh leis. "Días agus dias," adeir sé, "sin dhá dheis, dhá dheis agus dhá dheis, sin ceithre díasa, ceithre diasa agus ceithre diasa, sin ocht n-díasa, ocht n-díasa agus ocht n-díasa sin sé dhías déug, sé déag agus sé déag, sin dhó-dhéag is fiche - agus is deas an dornán arbhair é sin.
Dornán agus dornán, sin dhá dhornán; dhá dhornán agus dhá dhornán sin ceithre dhornáin; ceithre dornáin agus ceithre dornáin, sin ocht n-dornáin, ocht n-dornáin agus ocht n-dornáin, sin sé dornáin déag; sé-déag agus sé-déag sin dó-dhéag is fich' agus is deas an punann arbhair é sin.
Punann agus punann, sin dhá phunann; dhá phunann agus dhá phunann sin ceithre phunainn [> phunann]; ceithre phunainn [> phunann] agus ceithre phunainn [> phunann] sin ocht bpunainn [> phunann]; ocht bpunainn [> phunann] agus ocht bpunainn [> phunann] sin sé phunainn [> phunann] déag; sé-déag agus sé déag sin dó dhéag is fic' agus is deas an stúca arbhair é sin.
Stúca agus stúca, sin dhá stúca. Dhá stúca agus dhá stúca, sin ceithre stucaí; ceithre stucaí agus ceithre stucaí sin ocht stucaí; ocht stucaí agus ocht stucaí sin sé déag; sé déag agus sé déag sin dó dheag 's fich' agus is deas an t-agard arbhair é sin.
Agard agus agard sin dhá agard, dhá agard agus dhá agard sin ceithre(continues on next page)- Informant
- Padraig Ó hEanacháin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Carrowntober East, Co. Galway