School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 061
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear in aice le loch an leath bhaile i n-gar do Thuaim agus bhí sé in a bhállai don Tighearna Talmhan. Agus mar gach bállai eile ag an am sin bhiodh sé a cnuasacht na ciosa ar son an tighearna.
Ba trathnóna an Sathairn a bhí ann faoi Bealtaine agus bhí an t-airgead cruinnighthe ag an bh-fear. Bhí a chlann Inghean ag fághail gach nidh réidh faoi na chomhair an mhaidin Domhnaigh. Mheas sé go raibh sé in a m-bealach agus chuaidh sé amach san n-garraidh a siubhal thart do féin. Bhí an madadh ar chlaidhe an gharraidh agus é a tafan le madadh eile a bí ins an m-baile taobh thiar de. Budh dearbhrathair dó an madadh eile. Chuaidh an fear ar a ghlunaibh a radh a chuid urnaighthe agus ba ghearr gur thuig sé cé an rud a bhí na madrai ag radh le chéile ins an tafan. Dubhairt madadh an fir leis an g-ceann eile a theacht annsin anocht go raibh trí robálai le teacht san oidhche leis an teach a robáil agus an t-airgead a ghoid. Nuair a thiocfas an chéad fear isteach gheobhfaidh mise i n-greim sgornaigh ann agus gheobhfaidh tusa i n-greim ins an dara fear as ná sgaoil do ghreim go séileóchad an t-anam as. Rithfidh an triomhadh fear an bealaigh annsin.
Ní raibh sé i bh-fad san oidhche nuair a tháinig an madadh isteach agus bhí fáilte ann domhain mhóir ag madadh an tigh roimhe. Nuair a tháinig an t-am codalta dubhairt ceann den clann mhac go raibh sé in am madadh na comharsan a cur amach. "O"(continues on next page)- Collector
- R. O' Connell
- Address
- Kilkerrin, Co. Galway
- Informant
- Padhraig Ó hÉanacháin
- Gender
- Male
- Address
- Carrowntober West, Co. Galway