School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 006
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí sean bhean i gCaiseal Bhuidhe Amhnach agus bhí feilm talmhan agus ósta aici.”
......Bhí buachaill aimsire aici agus bhí sí an dian air. Bhiodh sé in a shuidhe aici gach maidin san samhradh ó éirighe na gréine go dtí a dul faoi. Bhiodh sé chómh tuirseach sin ar feadh an lae go mbíodh sé ag féuchaint suas ar an n-grein a tnu léithe a dul faoi. Bhiodh na laetheannta chómh fada sin gur sgreadadh sé suas leis an n-grein mar so:-"Coisg ort a grian is fad é do thriall
Ach dhá m-beadha-sa ráithe agus bliadhain
Ag Máire Sheáin Liam
Bheadhá a rith abhaile in to chanter"Thainig saighdiur abhaile as Sasana ar a b-paiste ar cuairt ar a aintín. Nuair a bhí sí a réidhteach dhá chur a chodladh dubhairt sí léithe fhéin "Deamhan an oiread Beurla sa mbaile is a chuireas an saighdiur in a chodladh" "Where is the pillow" ars an saighdiur. "Níl aon filister ann ach cuir do bhríste fada faoi do ceann", d'fhreagar a aintín.Buachaill óg a bhí ag teacht abhaile as cuartuigheacht a bhf [?] san oidhche . Casadh bean sidhe air ar an mbothar agus thuit sé i n-grá leithi chómh mór gur chum sé amhrán dá moladh. Séard adubhairt san amhrán "Dá bfhághainn sé mo roghain de mnáibh breagha an domhain sí Bean Dubh an Ghleanna a bhfearr liom".- Informant
- Padraig Ó hÉanacháin
- Gender
- Male