School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 011
- XML “Doire Bhriain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuair mé an t-amhrán so ó shean phiobaire atá caillte anois. Dubhairt sé liom gur chum Rafteri é. Níl ins na foclaí so leanas ach tuairim mar ba shean deacair cainnt an phiobaire bhoicht a breacadh sios go sásamhail. Le cuir leis sin ní hé an leagan ceudna a bhiodh aige i gcomhnaidhe go mór mhór nuair a d'iarraim air foclaí áirithe no líne áirithe ag radh fá dhó.
DOIRE BHRIAIN(I)Is aoibhinn agus i aerach a bhuail liom na sléibtheAgus gan nidh ar bith ins an méid sin ach mar comhradh digheNíl sonas na b-fear ann, sé mo léan níl grásta Dé annAgus dheamhan a bhfuair mé romham ann acht stumpa tóin a tighe (thóine tighe b'fheidir)
(II)Éist anois a Mháire agus tá go leór leór le radh agat
Mar is 'mo rud in do cheann-sa atá falamh ag a saoghal
Tá an luach mór is áilne ann
Tá na ceannabháin bháin ann
Tá rinnce ag Fearaibh Fáil ann
Agus lóistín ag a saoghal
(III)Nuair a d'éirigh mé lá ar na márach
'S mé ag breathnú ar na sléibhtibh
Ní h-iongnamh go dtainig brón orm
Agus eagla ar mo chroidhe
Mar ní raibh rud ar bith le feiceál ann
Ach ballai na sean tighe.
In áit taltai glasa fearmhara
Ní raibh romham ach gleannta Fraoigh(ar leanamhaint)(continues on next page)