School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 073
- XML “Dún na Móire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dá réir sgéil sí Mór Ní Mhananáin (Inghean Mhananáin Mhic Lir) a thóg an chéad dún ins an áit so. Tá an fhuirm "Dún na Móire" i m-béul na sean daoine i g-comhnaidhe. Sin cruthunas go bhfuil an sean sgéal fíor dar liom.
Annsin tháinig "Haiste" - laoch calma as an mBreatain Bhig agus thosuigh sé ag tógáil caisleáin in aice Dún-na-Móire. Ach "ní mar síltear bitear" ní raibh "Mór" sásta leis sin agus leagadh sise ins an oidhche an mheid a thóigeadh Haiste agus a chuid fear í rith an lae. Leanadh an obair so ar feadh cúpla seachtmhaine agus annsin chuaidh Haiste chuig "Dall Glic" eicint leis nach raibh Mór Ní Mananáin sásta leis in aon cor; nár thaithnigh leithi caisleán nua a thógáil in aice a dúin féin; ach go dtuibradh sí cead dó a chaisleán a thógáil ós cionn a dúin féin. Ghlac Haiste leis an gcomhairle so agus thóg sé an caisleán ar bharr an Dúin. Do thóg Mór agus níor chuir Mór isteach air. Bean Uimhreach a bhí innti agus bhí bród agus riméad an domhain uirri an Caisleán breagh árd a fheiceál mar leacht chuimneacáin d-ithe fhéin.Ní raibh Haiste ró fhada ins an gcaisleán nua nuair a tháinig Mac Feorais agus arm laidir leis agud d'ionnsaigh sé an caisleán. Bhí troid fhuiilteach eatorra ach ins an ndeireadh bhí an(continues on next page)