School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Luain. Deirtear nach ceart airgead a chur amach as an teach Dia Luain.
Níor mhaith le daoine pósadh Dia h-Aoine, ná lá na leanbh.
Ní ceart uisce salach a chaitheamh amach Dia Luain.
Ní ceart pósadh ar an Máirt mar sin é lá na sidheoga.
Ní ceart dul ag an Aifreann roimh a sé.
Níl sé ceart maistreadh a bheith dhá dhéanamh roimh a hocht ar maidin.
Tá sé ceart an tlú a chaitheamh sa teine nuair a bheadh sé ag déanamh toirneach.
Ní ceart uisce salach fhágail istigh san oidhche, mar thiocfadh na sidheóga isteach san teach.
Is ceart fanacht inaice leis an bhfuinneóig nuair a bheadh sé ag teinntreach.
Ní ceart obair a dhéanamh an chéad lá do’n bhliadhain.
Ní ceart síol a chur Luain Cásga.
Dhá gcuirfheá síos síolta Aoine an Chéasta bheadh siad ádhamhail ná aon rud eile mar sin.
Ní ceart dostha an tighe a chur amach ar an tsráid an chéad lá do’n bhliaidhain.- Informant
- Peaits Ó Fathaigh
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Baile an Dúlaigh, Co. Galway