School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an t-ainm atá ar mo bhaile ná Ceathramha an Bhrúnaigh. Sé an chiall atá le ceathramha, píosa mór talmhan agus bhain an píosa talmhan seo le sliocht de na Brúnaigh fadó. Chomhnuidhe [“Chomhnuigh”] siad sa sean-Chaisleán atá in-aice na scoile.
Tá naoí dteach déag sa mbaile. Beirt Bhríainaigh[,] ceathrar Baoghalaigh, beirt Feoraise, triúr Corcoráin, Beaglach, Catháin, Dubhgáin, Mac Diarmuda, beirt Chódaim agus Hannraoi Breathnach.
[Duine eile a scríobh an méid seo thíos]
Sé an t-ainm atá ar mo bhaile ná Baile-an Dubhlaoich. Sé an fáth a bhfuil Baile an Dubhlaoich ar, mar tá sean-chaisleán sa mbhaile agus deireann na sean-daoine go raibh dream ann fadó agus sé an t-ainm a bhí orra ná Dubhlaoich. Sé an t-ainm ata ar mo Pharáiste Caisleán Geárr. Sé an t-ainm atá ar mo chonndae Conndae na Gaillimhe. Tá go leór daoine agus tighthe i mo bhaile.(continues on next page)- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway