School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
![The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 290](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0030%2FCBES_0030_290.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 290
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a d'inis sé é sin g'an athair dubhairt sé "ní bheidh tú in d'on é sin a dhéanamh go deo". Ná bhíodh faitchíos ar bith ort" adubhairt Jackeen. D'imthigh Jackeen agus fuair sé dhá bhuidéal poitín.
Nuair a tháinig sé chomh fada leis an gcró san áit a raibh an capall, chaith sé é féin ar an talamh agus thosuigh sé ag osnaighil, agus leig sé air fhéin go raibh sé [ar fhéin go raibh sé] ar meisge.
Nuair a chuala na fir é taobh istigh tarraing siad isteach é agus chuir siad i n-aice na teineadh é. Thosuig Jackeen ag cur suas an buidéal as a phócha an caoi go bhfeiceadh na fir é. Nuair a chonnaic siad an buidéal, thóg siad as a phócha go réidh é.
Bhí siad ag fágailt meisge annsin agus chuir Jackeen suas an buidéal eile, nuair a fuair siad an ceann eile thuit an triúr aca ar an talamh bhí siad chomh meisge sin. Fuair Jackeen an capall agus thug sé ag an duine uasal é.
An dara rud a bhí air a d'éanamh, an(continues on next page)- Informant
- Dominic Ó Fháodhagáin
- Gender
- Male
- Age
- 44
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Chéibh, Co. Galway