School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 293
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí ár dTighearna agus Naomh Peadar amuigh ag siubhalóid an lá seo, agus tháinig siad suas le fear bocht ar an mbothar. Dubhairt Naomh Peadar go mo ceart doibh rud eicínt a thabhairt dó. "Ná bac leis" adubhairt Ár dTigearna. Bhí siad ag imteacht leo agus thainig siad suas comh fada le fear eile, agus bhí sé ag breathnughad go maith, agus bhí éadach cineál maith air. Thug Ár dTigearna sgilling dhó agus dubhairt Naomh Peadar "ce'n fáth nár thug tú an sgilling sin do'n fear bocht eile, bhí sé níos boichte na é sin, "tá go maith" adubhairt Ár dTigearna.
    Bhí siad ag imtheacht leo agus chuaidh Naomh Peadar isteach go dtí an siopa seo agus cé bhí istigh roimhe ann acht an fear ar thug ár dTigearna an sgilling. "Tóg deoch" adubhairt sé le Naomh Peadar "ní olfad" adubhairt Naomh Peadar. "Nach bhfuil sé sin ag teastáil uait fhéin", "Dia thugas agus Dia bhéaras" adubhairt sé. D'imthigh Naomh Peadar amach agus d'innis sé an rud adubhairt an fear bocht go Dia. D'imthigh siad leo agus fuair siad an fear bocht eile cáillte ar an mbothar.
    A adubhairt Naomh Peadar breathnuigh annsin anois, "cáillte leis an ocras atá sé sin". "Chuir do lámh in a phócaí go bfheicfeadh tú a bhfuil sé bocht" adubhairt Ár dtigearna. Nuair a chuir sé a láimh in a phocaí bhí chuile phóca aca lán lé ór. Caith cuile píosa aca sin amach sa bfairrge. Acht chuir Naomh Peadar píosa d'en ór in a póca
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Dominic Ó Fháodhagáin
    Gender
    Male
    Age
    58
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Chéibh, Co. Galway