School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 308
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)beirt aca i gcoinne an chroca óir. Nuair a bhí siad ag dul go dtí an áit a raibh sé. Theasbáin an fear na bric a bhí ins na sgeachaibh dhí agus na coiníní a bhí ins an uisge. Nuair a tháinig siad chomh fada leis an ór thóg siad é agus thug siad abhaile é. Annsin nuair a bhí sé sa mbaile aca dubhairt an bhean leis an bhfear go dtiubhradh siad dinnéar mór do na comharsannaibh mar shíl sí nach mbeadh deireadh leis an gciste go deo.
Dubhairt an fear nach mhiste leis. Chruinnigh siad na comharsannaí agus thug siad an dinnéar dhóibh. Cúpla lá in-a dhiaidh sin dubhairt an bhean go dtiubhradh siad dinnéar eile uatha. Níor dubhairt an fear tada léithí. Annsin dubhairt an bhean leis an bhfear go dtiubhradh siad dinnéar eile do [na] comharsannaibh, mar shíl sí nach mbeadh deireadh an ciste caithte go deo. Dubhairt an fear nach mhiste leis.
Chruinnigh siad na comharsan[n]aí agus thug siad an dinnéar sin uatha. Cúpla lá in-a dhiaidh sin dubhairt an bhean dtiubhradh siad dinnear eile uatha. Níor dubhairt an fear tada léithe. Thug siad an dinnéar sin uatha. Nuair a bhí an dinnéar sin caithte thug siad ceann eile uatha agus mar sin go raibh go leor de'n ciste caithte aicí. Annsin thosuigh an fear ag casaoid uirrí mar gheall ar chomh dí-chéillidhe is bhí sí
Annsin thosuigh sise ag troid leis. Bhí siad ag troid le chéile nó go ndeachaidh siad chun dlighe le chéile. Dubhairt sí go raibh a fear d'á bualadh agus nach dtiubhradh sé aon airgead dí. Dubhairt an fear nárbh fhíor é sin, mar níor bhuail sé riamh í agus go raibh sé ag(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Cuirrín
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Troscaigh Thoir, Co. Galway