School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 359
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- [1] [C]ad iad na luibheanna is mó a dhéineann díoghbháil ar thalamh na ndaoine.
[T]á go leor luibheanna i dtalamh na ndaoine
Tá an briomfhéar fhearabán feochadán neantóg chaoch ainnleog agus an meadhcan fiadháin
(3?) Cad é an díoghbháil a dheineann siad
Tugann siad an leasughadh ó na tortaí eile.
(4) Cad iad na luibheanna nach bhfásann acht i gcré maith
(5) Cad iad na cinn a bhfásann i dtalamh bocht
Fásann an luineach dhearg i dtalamh bocht
(6) Luibheanna go bhfuil leighis ionnta ar aicídí áirithe sgríobh síos a n-aimeacha mar atáid ag muinntir na h-áite
Fadó bhí Oisín ag innseacht gach luibh a raibh leighis ionnta agus bhí Pádruig ag tógáilt síos uaidh. Nuair a bhí leath aca sgríobhtha síos chaith sé na leabhra sa teinidh. Nuair a bhí a leath ag dóghadh labhair guth ó'd a chionn agus dubhairt. Is mór atá mílte agat a Phádruig. Ní raibh diabhalaidheacht agus Finnidheacht i ndéindigh ariamh.
(7) Cad é a leighis atá i ngach ceann aca
BNíonn siad ag leighis capalla ag go leor eile beithidheach
(8) Cunais a úsáidtear gach ceann aca cun leighis
Deirtear go bhfuil an dochtúir i ndon iad a dhéanamh.
(9) Sgríobh síos aon sgéal nó píosa seanchais atá ag muinntir na h-áite a mhiniu cad é an fath go bhfuil a léitheid seo do cuma ar na duilleogaibh a bithéid rúd do dhath ar an mbláth nó(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Cuirrín
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Troscaigh Thoir, Co. Galway