School: Behymore
- Location:
- Behy More, Co. Mayo
- Teacher: Aodh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ba mhaith leis dul ann acht ní raibh aon bhróg-damhsa aige. D'íarr sé péire ar duine eile go mbeadh an damhsa thart. Dubhairt an duine eile go dtuibhradh sé dó iad, acht go gcaithfeadh sé Árd-na-Rígh a thabhairt suas dó muna mbeadh sé arais le na brógaibh ar lá airithe. Dubhairt Ó Dúbhda go dtiubhradh, mar go raibh sé cinnte go mbeadh sí arais.D'imthigh sé go dtí an damhsa acht ní raibh sé sa mbaile in am. Bhí air Árd-na-Rígh a thabhairt suas do'n duine eile. Bhí sé ag súil le hÁrd-na-Rígh a bheith aige i gcómhnaidhe. Anois, nuair a bhíonns duine ag súil le rud d'fhághail agus nuair nach bhfághainn sé ó, deirtear leis go bhfuil sé sin mar "súil Uí Dúbhda le hÁrd-na-Rígh."(Fuaireas an méid seo thuas ó Shéamus Ó Thaidhg, timcheall is ocht mbliadhna déag d'aos, an Céibh, Béal-an-Átha.)
- Informant
- Séamus Ó Thaidhg
- Gender
- Male
- Age
- c. 18
- Address
- Ballina, Co. Mayo