Scoil: Behymore

Suíomh:
An Bheithigh Mhór, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Aodh Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0162, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0162, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Behymore
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Scéal - Súil Uí Dhubhda le hArd na Rí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ba mhaith leis dul ann acht ní raibh aon bhróg-damhsa aige. D'íarr sé péire ar duine eile go mbeadh an damhsa thart. Dubhairt an duine eile go dtuibhradh sé dó iad, acht go gcaithfeadh sé Árd-na-Rígh a thabhairt suas dó muna mbeadh sé arais le na brógaibh ar lá airithe. Dubhairt Ó Dúbhda go dtiubhradh, mar go raibh sé cinnte go mbeadh sí arais.
    D'imthigh sé go dtí an damhsa acht ní raibh sé sa mbaile in am. Bhí air Árd-na-Rígh a thabhairt suas do'n duine eile. Bhí sé ag súil le hÁrd-na-Rígh a bheith aige i gcómhnaidhe. Anois, nuair a bhíonns duine ag súil le rud d'fhághail agus nuair nach bhfághainn sé ó, deirtear leis go bhfuil sé sin mar "súil Uí Dúbhda le hÁrd-na-Rígh."
    (Fuaireas an méid seo thuas ó Shéamus Ó Thaidhg, timcheall is ocht mbliadhna déag d'aos, an Céibh, Béal-an-Átha.)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Thaidhg
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 18
    Seoladh
    Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo