School: Kilmacteige (C.) (roll number 13944)

Location:
Kilmacteige, Co. Sligo
Teacher:
Máire, Bean Uí Chuirnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0173, Page 251

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0173, Page 251

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kilmacteige (C.)
  2. XML Page 251
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    céirde d'fhoghluim. Casadh beirt fhear air, d'fhiafruigh siad de cá raibh a thriall, dubhairt sé go raibh sé ag dul chun céirde na roballaidhe d'fhoghluim. "Tar linn" adubhradar "agus muineochaimid duit connus robalacht a dheineamh." Rinne an buachall amhlaidh; bhí sé imthighthe ar feadh seacht mblian agus nuair a thánaig sé arais chuaidh an thathair chuig an tighearna leis an sgéal d'innsint dó. "Is dócha go bhfuil eólas maith aige ar an gcéard anois" adubhairt an tighearna. "Muise silim go bhfhuil" ars an athair. "Anois" ars an tighearna "caithfidh do mhac na capaill a ghoid a bheidh ceangailte leis an gcéachta i mbárach agus beirt fhear dá bhfaire. Muna ngoidfidh sé iad beidh a cheann agamsa lá'r na bhárach." Tréis teacht abhaile do'n athair d'innis sé an méad sin dá mhac. "Ná biodh eagla ar bith ort a athair" adubhairt an mac "féachaidh mé le na ghoid." Fuair an mac trí giorrfaidh agus bhris sé cos cinn aca. Bhí sé ag dul thart
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Alice Boland
    Gender
    Female
    Address
    Letterbrone, Co. Sligo
    Informant
    Tom Carroll
    Gender
    Male
    Address
    Letterbrone, Co. Sligo