School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 186
- XML “Eachtra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Gan aon choinne le faic acu seadh a sháidh an fear beag ruadh a cheann aníos chúcha agus dubhairt se leó dul abhaile mar go mbádhfaí iad mar a ndéanfhaidís. Faic eile níor labhair sé ach bualadh leis síos fé'n uisce airís. Tháinig eagla ar an gcriú agus scaoileadar fé abhaile.
Ní rabhadar ach seacht slata ó Chaladh an Oileáin nuair a shéid an stoirm agus an gála agus chruaidh an lá ó thalamh. Dubhradar gur b'é Dia a sheól chúcha an feairín beag ruadh pé hé féin. Ó'n lá san amach níor chuadar ag iascach ins an áit sin, mar bhí fhios acu nár bh' aon dheagh-áit é.