Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 186
- XML “Eachtra”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Gan aon choinne le faic acu seadh a sháidh an fear beag ruadh a cheann aníos chúcha agus dubhairt se leó dul abhaile mar go mbádhfaí iad mar a ndéanfhaidís. Faic eile níor labhair sé ach bualadh leis síos fé'n uisce airís. Tháinig eagla ar an gcriú agus scaoileadar fé abhaile.
Ní rabhadar ach seacht slata ó Chaladh an Oileáin nuair a shéid an stoirm agus an gála agus chruaidh an lá ó thalamh. Dubhradar gur b'é Dia a sheól chúcha an feairín beag ruadh pé hé féin. Ó'n lá san amach níor chuadar ag iascach ins an áit sin, mar bhí fhios acu nár bh' aon dheagh-áit é.