School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cruadhtan
Bádhadh
An Port Dearg 1820.
Sa bhliain 1820 do bhádhadh arthach - An Port Dearg i dtráigh Uí Duinn sa Leitrúic. Is amhlaidh a bhuail sí i gcoinnibh puirt ghainimhe. Copar a bhí ar bórd aici. Níor tháinig duine saor aiste.
Bádhadh
Sa bhliain 1847 do bádhadh long cruithneachtan agus long coirce i gCladach an Teampaill i dtráigh na gCluainte. Buaileadh ar charraig iad. Na máirnéalaigh a bádhadh tá siad curtha sa Teampall Bán.
Bádhadh Bháid Saighne 1868
Sa bhliain 1868 do chuaidh beirt dritheár Conchubharaig ó Bhailebhoithín agus colceathrar leo Chonchubharach eile, agus Seamus Ó Higín agus Seán Máirtín ós na GortaDubha ag iascach le bád saighní. Bhí borradh farraige ann. D'iompuigheadh an bád ar a béal agus bádhadh na Conchubharaigh. Sé an t-slighe a saoradh an bheirt eile na gur dh'fhanadar anáirioc ar na saighní agus chuaidh beirt nó triúr de-sna comhursain ó GhortaDubha amach chucha agus thugadar leo isteach iad.
Básadh Luing
Sa bhliain 1898 do tháinig an long "Jenny Lind" isteach go Cuan Áirt na Caithne. Long seoil a b'eadh í. Do rug stoirm is anaithe uirthe agus do briseadh na seolta is í(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Mainín
- Gender
- Female
- Informant
- Diarmaid Ó Curáin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- Baile an Reannaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Budhlaeir
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry