School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cur amach na bhFirtéarach:- Sa bhliain 1887 do chuireadh Firtéaraig an baile uachtraig amach as a dtighthe & as a dtalamhaintí, toisg ná raibh an cíos á dhíol aca. Taréis iad a chur amach cuireadh báillí i mbun na h-áite. Lord Ventry a dhein an ruaige seo. Bhí na báillí seo ag tabhairt bó leo lá ó Bhaile'n Ghóilín - mara mbíodh Lord Ventry 'na chomhnuidhe - go dtí'n baile uachtrach chun go mbeadh bainne aca dóibh féin, mar ná díolfadh aon fheirmeoir san áit deor bainne fuí amháin leo agus d'fhuaduigheadh an bhó uatha.
Thángadar chó fada leis an mBuailtín (Baile'n Fhirtéaraig a tugtar ar an mbaile anois) agus d'fhágadar an bhó ar an mbóthar an fhaid is bhíoidar ag ól dighe i dtig tabhairne an hÓraig marabhfuil tig Shéamuis Uí Chatháin anois, agus nuair thángadar amach bhí an bhó sceinnte lei. Deirtear gur bean ó Bhaile'n Fhirtéaraig a thiomán roimpi siar í, agus dar ndóigh go raibh lucht cabhartha ag feithimh lei. Do cheap Seán Ó Duinnshléibhe amhrán mar gheall ar an dtóir seo. Seo cuid de:Captaein na luatha ó Baile'n Ghóilín
Chuir dís de na pílears le tréada
D'orduigh sé dhóibh a ngnó'dhéanamh cruinn
Is na ba' chur go Daibhche an Fhirtéaraig.Do dhineadar an comhairle an bóthar aníos(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Mainín
- Gender
- Female
- Informant
- Diarmaid Ó Curáin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- Baile an Reannaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Budhlaeir
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry