School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Page 489
- XML “Scéal - An tAimiréal Ó Muircheartaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do bheith críochnuithe nuair d'eirigh sé amach as an gColáiste agus do chuaidh sé ar bhórd árthaig go dtí Sasana. D'iompuigh sé na "souper". Do bhí sé tamall ar bhórd árthaig g [?] cogaidh i seirbhís an t-Sasanaig. Ins an am so do bhíodh crinniú ag Ceannairí árthaighe fairrge go léir in a leithéid sin do chuan. Do bhíodh ceol is rinnce, ithe is ól aca i rith an chruinnithe sin de ló agus t-oidhche. Do bí an Amiréal Ó Muircheartaig 'na mháirnéalach agus 'na shean-bhaitsiléar an uair seo ar bhórd ceann des na h-árthaí úd. Nuair a bhailig na h-árthaighe sa chuan lá cruinnithe áirithe d'eirig fuireann gach n-árthaig is do chuadar ar bhórd árthaig eile. Ach níor chorruig an máirnéalach Ó Muircheartaig. Nuair a bhíodar ar fad imthithe agus ceól is damhas ar siubhal aca do ghlac sé seo chuige a bheidhlín agus do thosnuigh ar bheith ag seinnt do féin. Níor bhfada go raibh cluas lé h-éisteacht ag na ceólteóirí eile agus ag fuirinn na n-árthach go léir agus do taidhsígheadh dóibh nár chualadar riamh ceól ba bhinne. D'eirig Captaéin áirithe(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Mhuircheartaig
- Gender
- Female
- Address
- An Riasc, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Muircheartaig
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Riasc, Co. Kerry