School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 490

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 490

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 490
  3. XML “Scéal - An tAimiréal Ó Muircheartaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    'na seasamh ar bhórd árthaig chun éisteacht leis an gceól. D'fhiafruigh sé do'n captaen a bhí ar árthach an Mhuircheartaig ar bh'éinne de lucht a luinge fear an cheóil draoidheachta. Dubhairt an captaen gurbh eadh. D'fhiafruigh sé annsan do cad na thaobh nár ghaibh sé leó is dubhairt an captaéin go raibh cead a chos aige. Annsan do chuir an Captaéin seo a bhí ag cainnt teachtaire go dtí an Muircheartach chun a rádh leis teacht 'na gcuideachtain. Ach níor thug an máirnéalach Muircheartaigh aon toradh ar an dteachtaire. Annsan do chuir sé teachtaire eile chuige ach do b'é an dá mara chéile dho é níor tugadh aon áird de'n teachtaire. Nuair ná raibh sé ag teacht thug an captaéin an bhreith seo air:- gur cheart é a cheangal agus a chaitheamh isteach i bpriosún árthaigh. Dubhairt an captaen eile ná raibh sé sin ceart go raibh an Muircheartach so 'na fhear léigheanta uasal agus gur mhór an tarcaisne a leithéid a dhéanamh leis. Dubhairt sé cúpla líne a sgríobhadh chuige agus annsan go mbeadh fhios aige cad é'n saghas fir a bhí ann. Nuair a fuair an Muircheartach an leitir do chaith sé uaidh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Mhuircheartaig
    Gender
    Female
    Address
    An Riasc, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Muircheartaig
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    An Riasc, Co. Kerry