School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 519

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 519

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 519
  3. XML “Scéal - An Tairbhín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí an caitín sa chúinne agus dhein an cailín beag an mhuinntearthas lei. Thug sí bainne dhi agus chimil sí a drom go cneasta ceannamhail. Thárla gach rud mar dhein cheana agus ar maidin thug sé na h-eocracha agus an fógra úd gan baint leis an t-seomra áirithe.
    Bhí sí ag obair lei agus pé gean a thug sí do'n t-seomra d'oscail sí ar chumadh éigin é agus isteach lei. Tháinig faitchíos is eagla uirthe nuair a chonnaic sí na cuirp ar fad. Thuit na trí braonuidheacha fola uirthe. Do tháinig crith cos is lámh uirthe is b'eo lei á scriosadh is a ghlanadh ach níor b'féidir lei aon cheart a bhaint diobh. Theasbáin sí do'n g-caitín iad agus do liab an caitín iad agus níor fhan a dtásg ná a dtuairisc ar an g-cois.
    Tháinig an tairbhín abhaile agus ní raibh na bróga uirthe. Bhí gach nídh mar d'fhág sé é dar leis. "Is tu an t-aon duine amháin a dhein rud orm-sa" ar seisean agus lé na linn sin d'imthig an draoidheacht agus bhí sé na fhear mór breágh. D'athruig an cat agus dhein bean de agus do baineadh an draoideacht de'n g-cailín agus sheas sí ar an láthair go h-árd is go h-áluinn. Pósadh an bheirt agus chuadar ag triall ar a máthair agus mhaireadar go lán t-sásta as san amach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0511: One‑Eye, Two‑Eyes, Three‑Eyes
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Ghearailt
    Gender
    Female
    Address
    Márthain, Co. Kerry
    Informant
    Máire Bean Uí Ghearailt
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Márthain, Co. Kerry