School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus chuaidh sé go dtí stáicín na bainntrighe arís agus chuir an mháthair amach an tarna h-inghean chuige agus d'imthig an dálta céanda uirthe. Thug sé leis go dtí an chúirt í agus bhí an caitín sa chúinne agus gach nídh marbh cheana. Ar maidin is é ag cur de ar a thóraidheacht thug sé eocharacha gach seomra dhi ach an seomra úd.
Ní raibh sí seo ach an oiread deas nó cneasta leis an g-caitín. Pé riabhach a phrioc í d'oscail sí an seomra úd agus tháinig leathadh ar a radharc nuair a chonnaic sí na daoine marbha. Thuit na trí braonuidheacha fola ar a cos agus ní b'féidir lei iad a bhaint ná a ghlanadh. Chuir sí na bróga uirthe. Seadh dubhairt sí go raibh sé chómh maith aici a h-uadhacht a dhéanamh mar go b'é an marbhú a bhí i ndán di féin leis.
Tháinig an tairbhín abhaile agus chonnaic sé na bróga b'éigin di iad a bhaint di anuas. Chonaic sé an fhuil. Chuir sé a ceann ar an mbloc agus isteach go seomra na ndaoine marbha.
Seadh an treas lá chuaidh sé arís go dtí an stáicín eorna agus chuir an bhaintreach a h-inghean óg amach chuin é bhagairt. D'imthig an dálta céanda uirthe. D'árduig sé leis í agus thug sé chuin na cúirte í.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Ghearailt
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry