School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí an caitín sa chúinne agus dhein an cailín beag an mhuinntearthas lei. Thug sí bainne dhi agus chimil sí a drom go cneasta ceannamhail. Thárla gach rud mar dhein cheana agus ar maidin thug sé na h-eocracha agus an fógra úd gan baint leis an t-seomra áirithe.
Bhí sí ag obair lei agus pé gean a thug sí do'n t-seomra d'oscail sí ar chumadh éigin é agus isteach lei. Tháinig faitchíos is eagla uirthe nuair a chonnaic sí na cuirp ar fad. Thuit na trí braonuidheacha fola uirthe. Do tháinig crith cos is lámh uirthe is b'eo lei á scriosadh is a ghlanadh ach níor b'féidir lei aon cheart a bhaint diobh. Theasbáin sí do'n g-caitín iad agus do liab an caitín iad agus níor fhan a dtásg ná a dtuairisc ar an g-cois.
Tháinig an tairbhín abhaile agus ní raibh na bróga uirthe. Bhí gach nídh mar d'fhág sé é dar leis. "Is tu an t-aon duine amháin a dhein rud orm-sa" ar seisean agus lé na linn sin d'imthig an draoidheacht agus bhí sé na fhear mór breágh. D'athruig an cat agus dhein bean de agus do baineadh an draoideacht de'n g-cailín agus sheas sí ar an láthair go h-árd is go h-áluinn. Pósadh an bheirt agus chuadar ag triall ar a máthair agus mhaireadar go lán t-sásta as san amach.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Ghearailt
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry