School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Page 523
- XML “Scéal - Conas mar Fuair Brian Bean”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)balbh. Thug an fear leis í ar chrosaire an Bhaile Iochtaraig. Ní raibh sa tig ach é féin sa mháthair. "Arú cá bhfuairis í sin"? arsa sí.
"Aige lios Chnoc na h-Abha" ar seisean. Phós sé í. Bhí sí ar an seirbhíseach mná dob'feárr a tháinig isteach i dtig riamh.
Bhíodar i dteannta chéile ar feadh bliana. Agus bliain 'ó'n oidhche a thug sé leis í ghaibh sé an treo arís. Bhí an ceol sa lios. Bhíodar féin ag cainnt lé na chéile istig. "Bliain is n-oidhche anocht a thug Brian an bhean uainn" arsa duine aca. "Cad é an mhaith do í" arsa an duine eile agus í bodhar balbh."
"Ní bheadh sí mar sin" arsa an tríomhadh fear "dá dtarraingigheadh sé biorán atá 'na cúl. D'éist sé a bhéal. Ghluais sé abhaile agus chuarduig sé a ceann. Fuair sé an biorán agus thóg as a ceann é agus bhí sí chómh maith agus bhí sí riamh arís.
D'inis sí a scéal dóibh annsan. Bhí féar fiche bó ag a muinntir. Thug sí eolas dá fear dul chuin a tighe féin.
Lá áirithe bhí sí ag níghe a bháscóta agus chuir sí a h-ainm agus a sloinne ar a bhrollach. Agus nuair a raghair chuin(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry
- Informant
- Padruig Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- Márthain, Co. Kerry