School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Page 524
- XML “Scéal - Conas mar Fuair Brian Bean”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mo thighe" ar sise "tabhair do bhrollach lé teasbáint do'm mhuinntir." D'imthig sé bhain sé amach an tig. D'iarr sé lóistin na h-oidhche agus fuair. Bhíodar ag caitheamh na h-oidhche do bhí an mháthair ar an dtaobh eile chúinne agus í á thabhairt fé ndeara.
Chonnaic sí an ainm ar an báscóta.
"A fhir mhaith" arsa sí "déarfainn gur bí sin lámh mo inghne dá maireadh sí." "Agus cá bhfios duit ná maireann" ar sé? "Ní mhaireann a dhaltha" arsa sí "mar tá sí caillte lé bliain." "Ní'l ná caillte" ar seiean mar tá sí agam-sa, do thugas ó locht na leasa í le na leithéid seo do shlighe ag innsint dóibh.
Ní chreidfidís é ach mar sin féin i ndiaidh a chéíle bhíodar ag tabhairt geilleadh dho. Ní dhein a h-athair aon rud ach cóisde a bhualadh ar a chapall agus tháinig sé ar Chrosaire an Bhaile Iochtaraig. Thug sé leis a inghean agus Brian agus a mháthair agus d'fanadar i bhfochair a chéile agus mhaireadar go lán t-sásta as san amach.- Collector
- Eibhlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry
- Informant
- Padruig Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- Márthain, Co. Kerry