School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an chapaill. "Sin é céad comhairle m'athar imithe im choinnibh" ar seisean leis féin. Bhí sé mar sin ar feadh a lán blianta is gan puinn de rath a tsaoghail air, a chuid stuic ag fághail bháis agus a thínnteán dealbh go maith aige. Tháinig sé 'na cheann aon lá amháin dul ag fiosrú a dhaoine muinteardha. Bhuail sé air an t-éadach ba mheasa a bhí aige. Seana-shúgáin féir thairis aniar, agus seana hata ar a cheann. D'árduig sé leis a mhaide agus a mhála. Bhailibh sé leis go dtí tig an deirbhseár ba shine, a bhí pósta cúpla míle uaidh. Ní mór an fháilte a bhí aici roimis, nuair a chonnaic sí é chómh stollta gioballach sin. "Caith chúgham greim" ar sé. Tá an t-ocras im dh'ithe. Chuir sí trí nú ceathair do phrátaí ar an mbórd chuige, agus braon bainne géir. Do loirg sé adhbhairín uirthe go gceannóchadh sé capall, ní fhuair sé faic na ngrást uaithe. Seadh nuair a bhí sé ag cur de thug sí galún bainne géar do i gcóir an bhóthair. Bhuail sé isteach 'na mála an leath ghalúin de bhainne géar. D'fhág sé slán aici is do chuir dhe. Chuaidh sé(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Mhuircheartaig
- Gender
- Female
- Address
- An Riasc, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Muircheartaig
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Riasc, Co. Kerry