School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 528

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 528

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 528
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an fear leis an aodhaire go dtáinig sé ag triall ar mhnaoí óg an tíghe seo. Dubhairt an t-aodhaire leis gan bacaint léithe mar go raibh sí ag imtheacht le bacach go raibh dhá mhaide croise aige. N'fheadar an fear so annsan conus a gheobhadh sé amach an raibh an fhírinne ag an aodhaire. Dubhairt an t-aodhaire leis an bhfear fanamhuint sa tig seo anocht agus dul chuin codlata sa leabaidh a bhí le h-ais na fuinneoige sa t-seomra thíos [?]. Seadh nuair a bhí sé in am codlata an oidhche sin do bhaineadar amach na leapthacha agus do chuaidh an fear mar a dubradh leis. Agus é ag druideam le h-uair a mheán-oidhche do tháinig cnag ar fhuinneoig seomra codlata an chailín óig. Chualaidh an fear an cailín ag eirghe agus ag imtheacht go dtí dorus an tighe agus á oscailt. Do tháinig fear isteach annsan - "An bacach" ars an fear leis féin "bhí an fhírinne ag an aodhaire, ach cuirfead-sa cosg leis an obair seo". Pé saghas slighe go bhfuair sé greim ar na maidi croise do sciob sé leis iad, agus sara bhfág se an tig lá r 'na mháireach d'iarr sé ar an gcailín é do phósadh. Níor leig sé éinní air mar gheall ar an oidhche roimis sin. Níor dhiúltaigh sí dho agus shocruigh sé gach rud i gcomhair an phósta - an lá is uile - Chuir sé dhe abhaile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910A: Wise Through Experience
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Mhuircheartaig
    Gender
    Female
    Address
    An Riasc, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Muircheartaig
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    An Riasc, Co. Kerry