School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dheirbhshúr is sine" agus do thóg sé an galún agus dorn prátaí ann 'na láimh. "Feach" ar seisean an bronntanas a fuaireas 'o m' dheirbhshúr eile" is do thasbáin sé dóibh seacht nó ocht do phrátaí "agus" ar seisean "Sin é an deontas a fuaireas ó'm dheirbhshúr óg" is do chaith sé amach leathchloch prátaí. "Ta'n sibh go léir láithreach 'nbúr bhfinnéithe annso" ar seisean leis an gcuileachtain (cuideachtain). "Sé an áit go gcodluigheas-sa an oidhche thug mo chosa mise go tig an chailín óig seo ná leathais fuinneoige. Agus é ag déanamh ar lár na h-oidhche tháinig bacach go raibh maidí croise aige isteach. D'oscluighis-se an doras do" arsa se ag síneadh a mhéire chuin an chailín "is do scaoilis isteach é agus sin iad na maidí croise anois agat a chailín". D'iompuig sé ar an gcuileachtain annsan agus dubhairt "Téigidhig go léir abhaile anois agus cuirfead i bhfeidhm an triomhadh comhairle tug m'athair dham. Raghad go binn a' tighe agus tabharfad súil fhéachaint soir is siar faid a rithfidh mo radharc agus ní'l baoghal ná go bhfaghad bean. Níor phós sé an cailín úd ach thug sé náire is aithis dhi. Thug sé náire mar an gceadna dhá dheirbhshéaracha. Sin é mo scéal sa dhibh anois.
- Collector
- Caitlín Ní Mhuircheartaig
- Gender
- Female
- Address
- An Riasc, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Muircheartaig
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Riasc, Co. Kerry